Wednesday, October 16, 2013

Liosta na dtáirgí is féidir a dhúshaothrú ón gcoirceog bheach agus ó na beacha -

Mil - mil chíre, mil rannach, mil reatha, mil amh!
Drúichtín meala 
Céir bheach
Propolis (gliú beach) 
Síoda!
Glóthach ríoga
Goimh bheach 

Baineann débhrí leis an mír 'Dú', an dtuigeann sibh? Giorrúchán ar 'Dhúth' ar láimh amháin, agus ar 'Dhubh' ar an láimh eile de. Castar ar 'dhúth' in 'dú(th)chas' agus b'fhéidir in 'didgeridoo' freisin! (an dúidire dúth?). Giorrúchán ar 'Dhubh' a thugann an débhrí dúinn. Agus is amhlaidh i gcás na mbeach s'againne ar beacha dubha agus dútha araon iad! (apis mellifera mellifera)
Tá beartaithe agam na beacha a thógáil mar fhiontar. Chuir mé tús le bonnchúrsa, agus ghlac mé ballraíocht le Cumann Beachairí na Gaillimhe in éinfheacht ag deireadh na míosa seo caite. Is sa bhlag seo a chuirfear síos ar m'aistear leis na beacha - is iad na beacha a thabharfaidh an bheachbhreith ag deireadh na dála! Tá comharsa nua agam a bhfuil oilteacht adhmadóireacht aige, agus tá sé chun an choirceog bheach a dhéanamh dom san athbhliain. Dhá nó trí choilíneacht núicléacha atá mé a dhul a cheannach an t-earrach seo chugainn sílim. A thuilleadh anonn....